Bhuel, bhí sé ar intinn agam an blag seo a úasdhátú roimhe seo ach, mar atá an scéal go minic, bhí mé gnóthach. Is bréag é sin (í sin?) ach ní dhearna mé é ar aon nós. Tá an Ardteist déanta agam! 575 pointe! Beidh mé níos sásta (níos sástaí? …nah) leis an 600 ach tá sé ró-dhéanach anois. Tá an-fhearg agam nár bhfuair mé A sa Ghaeilge! B1!? Cén sórt nóta é sin!?!? Cuirim an locht ar na Gaeilscoileanna, níl seans againne sna scoileanna Béarla gan ranganna breiseanna nó tuismitheoirí le Gaeilge líofa, an dá atá in easnamh agam. Ah bhuel, níl aon rud le fáil le gearáin. Tá sé thart anois, buíochas le Dia! (Nó buíochas leis an gcomhbhrí aindiachais…)

Thug mé faoi deara go raibh cúpla pictiúrí i bpóstálacha níos sine imithe! Agus nílim cinnte cén pictiúirí a bhí ann!! Tubaiste!!! Caithfidh mé pictiúrí eile a phóstáil anseo mar réiteach leis an bhfadhb.

Táim ag éisteacht le Enrique Iglesias anois. Fianaise eile nach bhfuil breithiúnas maith agam maidir le ceol, dar le mo cháirde!

Enrique Iglesias

Agus tá Corn Rugbaí an Domhain 2011 anseo anois! Níl cluiche feicthe agam fós, ach taifeadfaidh mé an chéad cluiche ag Éire agus feicfidh mé é níos déanaí amárach! B’fheidir go dtaifeadfaidh mé cluiche Francach freisin, le mo chroí Parra. <3 Is deacair pictiúir deas a aimsiú… Ba chóir dom a rá, pictiúir a bheadh deas do chách, in áit dá leantóirí amháin!

Ah! Is féidir liom pictiúirí eile a thaispeáint. Táim ag lorg stíle gruaige don Debs agus ceapaim go bhfuil stíl ghhinearálta beartaithe ar agam.

Curly debs hair

Long, wacy debs hair

Tá an ceann ar barr ró-chatach agus tá an ceann ar bun ró-fhada, so tá malgamúchán (ha!) ar intinn agam. Galánta, nach ea? (Nach iad? Nach bhfuil?? Eh…)

Comhghairdeas le Ronan O’Gara i leith a chéad caipín Dé Sathairn san Aviva! Ná bac leis an caint ag rá gur mba dona an cluiche a bhí ann, bhain mé an-taitneamh as in ainneoin an scóir sa deireadh. Bhí dráma, sceitimíní agus fuinneamh ann, (neirbhíseach ar dtús, ach cumhachtach níos déanaí nuair a thánaig fear an lae amach agus nuair a scóráil m’fhir is fearr, Bowe agus Kearney, na húid iontacha) agus geansaithe spóirt stróicthe san áireamh a d’fhág ár bhfoireann le stocaí mí-oiriúnaithe sa dara leath.

Rob Kearney

Tá díomá orm maidir leis an toradh, agus tá náire orm nach raibh an staidiam lán agus plódaithe agus gur imigh daoine i rith an cluiche, go háirithe ar lá chomh speisíalta agus a bhí ann, ach níl aon fhadhb agam leis na himreoirí. Throid siad agus streachail siad agus ní raibhamar ach slánú caillte coscrach amháin ón comhscór. Tá bród orm astu. Ní aontaím ar chor ar bith leis na hailt ag gearán faoi na botúin bheaga, ag rá nár cluiche maith é. Bhí sé go hiontach, táim ag súil leis an gcéad ceann eile.

Ronan O'Gara

Ócé, táim déanta leis an tírghrá. Rud amháin atá díomá orm faoi ná go raibh an méid athrú geansaithe ann agus nach bhfaca mé aon phioc den ar an teilifís. Feckin’  scannalach.

Lár téarma!

Deireadh Fómhair 27, 2010

Tá beagáinín imní orm nach bhfuil méid ollmhór oibre bhaile agam, seachas sa bhéarla, dár ndóigh. Dá mbéadh straoiseog déistin ann, chuirfinn í anseo. Blegh. Nuashonrú: Chríoch mé an obair bhaile sin inniu, agus d’éirigh liom cúpla aistí maithe a scríobh. Ró-ghearr, dár ndóigh. Ní raibh mé riabh an méid seafóid atá ag teastáil a chur amach. Táim ceart go leor leis an bhfíric sin.

D’imir mé cúpla cluichí rugbaí! Chailleamar an dhá cheann, ach bhain mé an-taitneamh astu, agus measaim go bhfuilim ag éirí níos fearr. B’fhéidir. Agus bhí an réiteoir dathúil. D’imir mé an dara cluiche go léir! Ní raibh mé riamh aclaí go leor. Agus anois, nílim in ann bróga a chaitheamh mar gheall ar na cloig briste ar mo shála. Ó bhuel. Tá súil agam go mbeidh an cumas agam a imirt Dé Domhnaigh. Tá orm fós cluiche a bhuaigh.

D’aimsigh mé Tommy Bowe ar Twitter! Tá grúpa mór foirne rubaí na hÉireann ann anois. Iontach.

Tá Iron Man 2 íoslódáilte agam agus táim ar bís, friggin’ hollbhís, chun é a fheiceáil! Táim ag súil go mór le Due Date freisin, is aoibhinn liom Zach Galifianakis agus tá fhios ag an domhan faoi seo faoi mo ghrá do Robert Downey, Jr. Táim doirte dó, tá mo chroí istigh ann! (Cé gáirsiúil an cuma atá ar an bhfrása sin? Ba mhaith liom bheith istigh ann. Tá brón orm.) Agus táim ag cloisteáil go minic faoi Sherlock Holmes 2 ar Twitter mar gheall ar Stephen Fry (mar go mbeidh sé ann). Rinne mé dearmad faoi Jude Law. Sciamhach! Táim beagnach críochnaithe leis na leabhair Sherlock Holmes. Thosaigh mé an ceann deireanach inné. Leabhair fíor-iontach, ach beagáinín athráiteach, ach is cuma liom.

Robert Downey, Jr.

Táim cinnte gur dúirt mé é cheana, ach is aoibhinn liom fear i gculaith… culaith iarainn! :D

Hé! Tar éis breis is dhá mhí faoi thalamh, tá tarrtháil ar an mbealach do na mianadóra Sileacha atá gaistithe sa mhianach óir. Táim áthasach dóibh. Feictear nach bhfuil deifir orthu imeacht, áfach. Bhí ruaille buaille fúthu ar dtús, ach tar éis cúpla lá rinne gach duine dearmad orthu. Níor tharla aon rud suimiúil seachas an fhíric go bhfuil bean luí ag cinn dóibh (nó fiú mná luí). Tháinig mé ar alt darb ainm Chilean Miners Watch Brad Pitt Movies in World’s Ultimate Man Cave. Lonrach.

Brad Pitt

Sacar! Táimid ag troid go daingean sa tsraith UEFA anois. Bhuel, sórt ag troid agus sórt go daingean. Bhí cluiche maith againn in aghaidh na Rúise, cé nár bhuamar, ach níor thuillamar bua. I mo thuairim, bhí na Rúisigh ag imirt go cáidheach, ach fós ní dhearna ár bhfoireann aon rud go dtí an dara leath. An sceitimíní sa nóiméid deireanacha! Iontach. Mór an trua nach mbeidh Kevin Doyle sa tSlóvaic. Beidh Shane Long ann, áfach, agus tar éis a chúl ar an Aoine tá an-dóchas agam as.

Ar chonaic éinne an buile a bhí ar Shay Given díreach roimh saorchic Rúise? Bhí an ceamara air, agus cé nach raibh maidhc aige, chualathas a ghlór. A thiarcais!

Shay Given

M’imreoir is fearr ag Éire, anois. Báireoir iontach. Táim i ngrá, go huile is go hiomlán.

Hip Hap agus an Rugbaí

Deireadh Fómhair 3, 2010

Joaquin Phoenix. Ar chuala sibh an scéal? Thosaigh sé le agallamh le Joaquin ar Letterman.

Níor bheadh sé ina aisteoir as seo amach? Bheadh sé ina cheoltóir hip hap!? Cosúil le gach duine eile, bhí mé cinnte go raibh sé ag magadh faoi féin agus daoine cáiliúla, ach d’éirigh a léiriú inchreidte tar éis tamaill, nuair a stop sé ag obair agus láthraigh cúpla fís a cheolchoirmeacha ina dteannta.

Ach ansin, dhá bhliain tar éis an agallamh míchlúiteach sin, scaoiltear an scannán faisnéise I’m Still Here le Casey Affleck, a bhaineann le mheathlúchán agus le turnamh an aisteora. Ansin bhí trua ag cúpla daoine air, ach bhí a lán fós sceiptiúil. Anois, áfach, tá an fhírinne foilsithe. Bhí an scannán bréag.

I mo thuairim, ba í fíoréacht an pháirt a bhí ag Joaquin. Chun bheith i do dhuine difriúil ar feadh dhá bhliain? Ómós don a chumas mar aisteoir. Léiriú eipic, i sainbhrí is fíre an fhocail. Tá beagáinín díomá orm nach mbeidh albam hip hap aige, ach má bheidh sé ar ais ar an scáileán, beidh mé ceart go leor.

Maidir leis an rugbaí? Bua ag Laighin in aghaidh Mumhain. An-thoradh atá ann, go háirithe mar nach raibh Laighin ag imirt go maith le déanaí. Tá grá agam do Rob Kearney anois, fear ceart go deimhin. Na ciceanna a bhí aige, is ionadh nár imigh siad an páirc! Agus tá sé chomh féitheogach mar bulla. <3

Rob Kearney agus Brian O'Driscoll

Thug mé faoi deara nach bhfuil Heaslip ró-dona ach oiread. Tá mo liosta imreoirí rugbaí dathúla ag fás: Bowe, D’Arcy, O’Driscoll, Kearney…

Spórt agus Spraoi

Meán Fómhair 26, 2010

Beidh mé ag imirt rugbaí arís! Tá foireann sa Mhullach Íde, táim ar bís! Is dócha go mbeidh mé i mo thosaí, ach nílim cinnte fós cén ionad a imreoidh mé. Húcálaí, frapa, nascaire (dara líne), cúltosaí cliatháin, uimhir 8, is dócha nach mbeidh mé i mo leathchúlaí clibirte. (Agus na cúlaithe: leathchúlaí amuigh, trícheathrúnach (istigh/amuigh), cliathánaí (clé/deas), lánchúlaí.)

Táim ag súil leis an rugbaí!

Táim ach ag tabhairt faoi deara go bhfuil TG4 chomh iontach anois. Tá an Sraith Magners níos taitneamhaí as Gaeilge. Éistim leis na tráchtairí, rud a dhéanaim go hannamh as Béarla (ach tá cúpla seoda ráiteas acu.) B’fhéidir go dtosnóidh mé ag féachaint ar Ros na Rún, beidh mé díreach cosúil le mo mhúinteoirí ansin.

Mír Bhreise

Meán Fómhair 18, 2010

Tá sé ró-fhada ó bhlagáil mé, ach níl a lán le rá agam, so tá an blag seo ann le líonadh an bhearna. Is í pointe an blag seo ná mo Ghaeilge a chleachtadh, níl oraibh é a léamh!

Tá dúil agam i múinteoir nua sa scoil. Is oth liom a rá gur múinteoir oideachis reiligiúnach é, ach tá cúpla buntáistí ag baint leis mar sin féin. Tá an-craic againn sa rang, mar nach bhfuil orainn aon rud a dhéanamh. Tá sé óg go leor, rud annamh i leith múinteoirí, agus tá sé aoibhinn. Chomh aoibhinn! <3

Sa nuacht eile, bhí mé san RDS Dé Céadaoin ag Ardroghanna. Níor fhoghlaim mé aon rud, ach fuair mé réamheolairí go leor. Bhí an t-arm ann leis a ngunnaí agus a bhfeithiclí armúrtha, a chaith mé an chuid is mó m’ama isteach san. Post san arm? Eeeh… B’fhéidir liom eitleáin a eitilt. Díreach cosúil le Maverick!

Tom Cruise

An ndúirt mé go raibh mé i ngrá le Tom Cruise tar éis Knight and Day? Tá sé níos dathúla anois ná nuair a bhí sé óg. Tá fhios agam go bhfuil sé ina heoleolaí… Eoleolaíocht? An bhfuil Gaeilge ag magadh faoin eagraíocht? Ha! Nach álainn an teanga?

Tá focail de dhíth orm gur ionann leo le ‘sexy’. Níl ‘dathúil’ nó ‘áilinn’ nó ‘mealltach’ go leor, go háireathach mar nach gciallaíonn an rud céanna go díreach!

6ú Bliain Faoi Dheireadh

Meán Fómhair 3, 2010

Bhuel, chaith mé an seachtain seo caite sa scoil agus caithfidh mé a rá gur aoibhinn liom 6ú bliain, ach is dóigh liom nach mbeidh an barúil céanna agam nuair atá na scrúdaithe ag teacht. Ag an am sin, áfach, tá an-chraic agam. Táim i mo chinnire agus, mar sin, táim in ann an seomra cinnirí a úsáid atá againn le húsáid ag am ar bith más mhaith linn, agus tá cuisneoir ann, agus citil agus DHÁ THÓSTAER CEAPAIRÍ. Nílim ag magadh fúthu. Tá lón i bhfad níos blasta anois. Ní hé sin an rud amháin atá iontach faoi 6ú bliain; is féidir linn dul go dtí na siopaí i rith lóin freisin. Chuaigh mé inniu; turas go dtí siopa is fearr, dheirfinn. Bhí an siopadóir an-deas freisin, ag insint dom faoin tairiscint a bhí acu. Ní tharlaíonn sin ríamh.

Maidir le rang Gaeilge, tá sceitimíní orm go mbeimid ag déanamh staidéar ar an dráma An Triail le Máiréad Ní Ghráda (beagnach gur scríobh mé Máire Ní Chathasaigh, bhups!). Níl ach an céad trí radharc léite agam ach cheana féin tá níos mó ag teastáil uaim. Níos suimiúil ná an prós atá ar an gcúrsa, ach is cosúil go n-athróidh mé mo bharúil faoi nuair a bheidh orm aiste a scríobh faoi.

Measaim nár chóir é an blag a críoch gan pictiúr de sórt atá go minic le feiceáil ar mo bhlagsa, ach tá fhios fiú agam go bhfuil an iomarca íomhánna cheana de fhear áirithe agus an rud is annamh is iontach, mar a deirtear. Le sin, ar ais le Matt Damon!

Matt Damon

Tá UTV ag taispeáint an tríológ Bourne, beidh Ultimatum ar súil amárach (nó inniu, mar atá an cás anois). Tá beagáinín náire agam go bhfuil an píosa eolas sin fáth amháin nach mbeidh mé ag dul go dtí coisir carad liom amárach ag an am céanna. Tá cúiseanna eile ann, cosúil le níor mhaith liom dul, ach bhí Bourne an thoisc chinniúna.

Gadaí II: An Aois Miotail

Lúnasa 29, 2010

Chríochnaigh mé Thief II! Ní ar an deachracht is crua, ach fós! Cluiche iontach, gan amhras; snáithe scéil a théann tú i ngleic le agus príomhcharactar sárbhuach, Garrett, ba mhaith le éinne bheith díreach cosúil le. Is mór an trua e nach mbeidh an t-am agam an sraith ina hiomlán a imirt, tosnóidh scoil amárach. (Bhuel, ní thosnaíonn ranganna go dtí Déardaoin, ach tá orainn bheith ann chun ár leabhair a fháil agus a leithéid.) Tá ar intinn agam í a imirt, áfach. Lá éigin!

Tar éis drámaíocht mhór (mar is gnách) tá rothar agam arís! Cheapamar go raibh poill sna rothaí (arís) ach bhí an fhadhb leis an gcaidéal, nó, chun bheith sonrach, leis an rud a cheanglaíonn an caidéal leis an roth. Níl fhios agam an focal fiú as Béarla, ná chuir ceist orm faoin Gaeilge.

Uh… Tá brístí géine nua agam as M&S. An-deas, agus feistíonn siad go deas! Ní tharlaíonn sé sin go minic.

Táim ag íoslódáil an leagan 1996 Hamlet, an ceann le Kenneth Branagh, ach an sórt físeán atá sé ná Blu-ray! Táim ag íoc as, áfach. 10.9 gigibheart. Beidh air bheith físeán ardchaighdeáin.

Kenneth Branagh - Hamlet

P.S.

An bhfaca sibh an ceangal?

Kenneth Branagh -> Kate Winslet ->

Leonardo DiCaprio<3

Caitheamh Aimsire

Lúnasa 25, 2010

Tá cúpla caitheamh aimsire agam maidir le Gaeilge. Táim an-ghafa leis an teanga, agus bainim sult aisti. Tá fhios ag an domhan gur maith liom ag póstáil blaganna. Thosaigh mé an blag sin chun mo chuid Gaeilge a feabhsú agus chun an caighdeán ard sin a choinneáil i rith an tsamhraidh, agus is féidir liom a rá gur chabhair sé go mór leis! Is slí iontach é chun focail nua a fhoghlaim agus chun scileanna ceapadóireachta a chothú. (D’fhoghlaim mé an briathar ‘cothaigh – to foster/nourish’ díreach anois!) Mholfainn é d’éinne, go háirithe dá mbeidis cosúil liomsa, ag déanamh a n-Ardteist an bhliain seo. AAAAAH!

An dara caitheamh aimsire ná ag úsáid an Vicipéid. Léim na hailt agus cuirim aon botún cló a fheicim in eagar, díreach cosúil le Wikipedia. Fiú cruthaím ailt uaireanta, nó déanaim athruithe móra ar ailt a bhfuil suim agam in. Bannaí agus aisteoirí den chuid is mó, soláthair mé na griangraif don alt Elliot Minor. (Bhí mé níos óige ansin… táim i bhfad níos faiseanta anois! Mionnaím daoibh!) Le déanaí, nuashonraigh agus ghlan mé na hailt (cén iontas) Matt Damon agus Leonardo DiCaprio. Ar aon nós, an pointe ná tá a lán craic agam leis an suíomh sin agus is féidir libh glac páirt liom.

Matt Damon agus Leonardo DiCaprio

Tá a lán suíomhanna a úsáidim go minic nuair atáim ag scríobh as Gaeilge agus ba mhaith liom leag amach iad ar son bhúr oideachas agus chun ábhar an blag seo a úasghrádú ó íomhánna fear mealltacha. (Haha, ceart go leor, tharlódh sin!) PÉ SCÉAL É.

Irish Dictionary

Focal

Wiktionary

Vicífhoclóir

Gramadach

agus an iontaofa go brách…

Google

P.S.

Bainim úsáid as dhá shuíomh foclóra mar is minic nach bhfuil an aistriúchán a chuardaím ar iad araon. Bhuel, bhí mé ag cuardach ‘fashionable’ (tá fhios agam, an-éasca, ach bhí bearna i m’intinn) ar focal.ie, ach ní raibh an focal ann. Rud éigin atá úsáideach maidir le focal.ie ná go dtugann sé moltaí mura bhfuil an focal a chuir tú isteach ann. Mhol sé dom ‘fissionable’. Níl an focal le ‘fashionable’ ann, ach má táim ag tógáil imoibreoir núicléach, táim ceart go leor! Ní féidir liom mé féin a chóiriú, ach i gcúrsaí eolaíochta, níl fadhb ar bith.

Hé, tá Twitter ag Leo DiCaprio! Ní nuashonraíonn sé go minic, ach tá sé ann. Tuilleann sé pictúir eile.

Leonardo DiCaprio

Gan léine, tarraingteach go fóill.

Lean

Get every new post delivered to your Inbox.