Bhuel, bhí sé ar intinn agam an blag seo a úasdhátú roimhe seo ach, mar atá an scéal go minic, bhí mé gnóthach. Is bréag é sin (í sin?) ach ní dhearna mé é ar aon nós. Tá an Ardteist déanta agam! 575 pointe! Beidh mé níos sásta (níos sástaí? …nah) leis an 600 ach tá sé ró-dhéanach anois. Tá an-fhearg agam nár bhfuair mé A sa Ghaeilge! B1!? Cén sórt nóta é sin!?!? Cuirim an locht ar na Gaeilscoileanna, níl seans againne sna scoileanna Béarla gan ranganna breiseanna nó tuismitheoirí le Gaeilge líofa, an dá atá in easnamh agam. Ah bhuel, níl aon rud le fáil le gearáin. Tá sé thart anois, buíochas le Dia! (Nó buíochas leis an gcomhbhrí aindiachais…)

Thug mé faoi deara go raibh cúpla pictiúrí i bpóstálacha níos sine imithe! Agus nílim cinnte cén pictiúirí a bhí ann!! Tubaiste!!! Caithfidh mé pictiúrí eile a phóstáil anseo mar réiteach leis an bhfadhb.

Táim ag éisteacht le Enrique Iglesias anois. Fianaise eile nach bhfuil breithiúnas maith agam maidir le ceol, dar le mo cháirde!

Enrique Iglesias

Agus tá Corn Rugbaí an Domhain 2011 anseo anois! Níl cluiche feicthe agam fós, ach taifeadfaidh mé an chéad cluiche ag Éire agus feicfidh mé é níos déanaí amárach! B’fheidir go dtaifeadfaidh mé cluiche Francach freisin, le mo chroí Parra. <3 Is deacair pictiúir deas a aimsiú… Ba chóir dom a rá, pictiúir a bheadh deas do chách, in áit dá leantóirí amháin!

Ah! Is féidir liom pictiúirí eile a thaispeáint. Táim ag lorg stíle gruaige don Debs agus ceapaim go bhfuil stíl ghhinearálta beartaithe ar agam.

Curly debs hair

Long, wacy debs hair

Tá an ceann ar barr ró-chatach agus tá an ceann ar bun ró-fhada, so tá malgamúchán (ha!) ar intinn agam. Galánta, nach ea? (Nach iad? Nach bhfuil?? Eh…)

Lean

Seolfar chuile alt nua chuig do bhosca ríomhphoist.