Fermat
Lúnasa 24, 2010
Chonaic mé an scannán Le habitición de Fermat nóiméad ó shin. Fógraíodh é mar uafás, ach bhí sé níos cosúla le corraitheach. Ag meas clúdach an DVD, bhí an scannán go hiontach; bhí iontas orm cé gairmiúil a bhí sé, agus 6.7 ar IMDb! Agus bhí an Spáinis beagnach intuigthe dom. Molaim é daoibh.
Níos luaithe, d’fhéach mé ar The Mighty Ducks. (‘Ea, níl rud amháin eile le déanamh agam.) An cuimhin libh? Emilio Estevez agus Joshua Jackson ag cruthú gealltanas agus iad ag imirt haca oighir. Sár-scannán atá ann. An bhfuil fhios ag éinne, an féidir liom geansaí Mighty Ducks a fháil in aon áit? Ba aoibhinn liom ceann díreach cosúil leis atá sa scannán.
Bhí brionglóid agam an oíche seo caite agus bhí Leonardo DiCaprio ann. Tá sé ar mo liosta fear dathúla anois, cé go bhfuil sé soiléir dom nach bhfuil sé chomh dathúil anois agus a bhí sé deichniúr ó shin. Feictear go bhfuilim ag rith trí charactair The Departed. Beidh Jack Nicholson ann ina dhiaidh sin. Hah, agus bhí mé ag breathnú One Flew Over the Cuckoo’s Nest inné freisin!

P.S.
Bhí mé ag déanamh iarrachta ‘compassion’ a aistrigh nuair a bhí mé ag scríobh faoi The Mighty Ducks agus thug an foclóir seo (atá an-úsáideach, i mo thuairim) trí thoradh: trua, trócaire agus taise. Pity, mercy agus damp. Nílimse in ann an ceangal a thuiscint, b’fhéidir gur mícheart í mo thuiscint an focail? Ní cheapaim.
P.P.S
Rinne mé dearmad ar mo chócaireacht! Rinne mé donnóga (omd…) inné agus tá siad chomh saibhir! Blasta ar leith.
Na hImithe
Lúnasa 21, 2010
Chonaic mé ‘The Departed’ don chéad uair an oíche seo caite. Scannán iontach! Ach, tá brón orm, wow.

Bhí sé dosheachanta, táim i ngrá leis anois.

‘Ea, bhuel, nílim i mo chriticeoir scannáin. Hé, ar chuala sibh an amhráin?
Sin é. Cheap mé gur mian libh é bheith ar eolas agaibh.

Feabhsaithe le Am
Lúnasa 14, 2010
Tá mo bharúil faoin gcáca ag feabhsú. Gan amhras tá sé níos fearr nuair ite fuar, ach sílim gurb í an chúis ná tá ort bheith in aoibh ceart dó.
An raibh sé ar eolas agaibh go cíallaíonn ‘turscar’ le ‘spam’? Is aoibhinn liom go bhfuil an focal ann as Gaeilge. Teanga mharbh, mo thóin!
Bhí sé ta go leor inniu. Tá áthas orm nach bhfuilim amach faoin ngriain fós. Dofhulaingthe! Ní aontaím leo a deir go mbeadh Éire níos fearr le teocht níos airde agus gan an báisteach. Is maith liom mo thír fuar ‘s tais.
An-scaipthe a bhí an blag seo. Ba chóir dom mo mhachnaimh a chur in ord sula scaoilim iad. Tá an fhadhb céanna agam nuair a labhraím freisin, an-mheascaithe.
Cócaireacht agus Gadaíocht
Lúnasa 13, 2010
Níl fhios agam cén fáth, ach thosaigh mé ag cócaráil le déanaí, go háirithe ag bácáil cácaí. Chócaráil mé cáca veilbhite dearga inniu (nó inné, táimid san uaireanta beaga na maidine anois) ach níor tháinig cáca deas as mo chuid iarrachta. Bhí mé ag súil le píosa ealaíne, le cáca dearg geal agus sneachta-bán reoán air, ach cad a tharla ná donn agus bán-dearg gráinne le cáis uachtair salach air mar reoán. Idir gach aon rud inite, ach fós…
Ach bhí an-rath agam l’oidis ón suíomh Smitten Kitchen. Molaim é go mór daoibh!
Maidir leis an gadaíocht, bhuel, níor éirigh mé i mo choirpeach fós, ach bhí mé ag imirt na cluichí Thief. An-thaitneamhach, cé go bhfuil siad sean go leor. Ceapaim go bhfuil an rud is fearr fúthu ná na rudaí beaga a thagann tú air i rith an cluiche. Ar leibhéil amháin, bhí mé ag fánaíocht (agus fíor-chaillte) agus tháinig mé ar píosa páipéir ar an talamh agus scríofa air ná “KICK ME!!!”. Tá na cluichí suite san Mheánaois. Bheadh sé greannmhar dá mbeidis ansin.
Agus, cén sóirt blagálaí a bheinn mura bpóstálfainn rud éigin faoi fhir? An bhfaca éinne an cluiche Éireann Dé Ceadaoin? Bhíomar i gcoinne na hAirgintíne, agus tá fhios ag an domhan an imreoir is fearr ag an Airgintín. Táim beagáinín i ngrá le Lionel Messi. Ach beagáinín amháin.
AH! Rud eile a rinne mé dearmad ar. D’fhreastal Lady Gaga ar CTY!? CÉARD.
Sherlock
Lúnasa 9, 2010
Wow, bhí níos mó le scríobh ná mar a cheap mé. Rinne mé talamh slán de go raibh gach rud leadránach, ach táim ag dul in aghaidh ansin anois. Dhá phostál i gceann lá amháin! Leanfaidh mé ar aghaidh.
An raibh sibh ag féachaint ar Sherlock, an mion-sraith ar BBC1 ar Dé Domhnaigh? Ba chóir daoibh í a chonaic. Bhí sé go hiontach! Táim ag léamh na leabhair anois, táim ar an gceathrú úrscéal anois, “The Valley of Fear”. Bhí an céad eipeasóid díreach cosúil leis an gcéad leabhar, cé gur leagan nuashonraithe í an sraith seo. Chríoch sí an oíche seo caite, ar an drochuair, ach tá sé á rá go bhfuil seans ann go mbeidh níos mó. Táim ag guí sé.

Táim cinnte gur aoibhinn liom na caractair, agus tá na haisteóirí chomh lonrach. Ar chuimhin libh Martin Freeman in HGTTG? <3 Bhí na cinn roimhe sin álainn freisin.

Ní thosóidh mé ar Robert Downey, Jr. Ní stadfainn.
Táim ag tabhairt faoi deara gur éirigh mo bhlag in a thráchtaireacht ar fhir dathúil. Níl fadhb agam le sin. Tá cúis agam chun íomhánna dóibh a chuardach, agus is maith an caitheamh aimsire é sin.
Ar ais go dtí an pointe! Ní raibh pointe agam ach go raibh an sraith chomh maith, chaith mé tréimhse ar shuímh a chruthaíodh chun an sraith a fhogairt. Táim gafa leis. An t-ádh agam, tá sé díreach thart. *osna*
Google Translate
Lúnasa 9, 2010
Hah, thainig duine éigin go dtí mo bhlag ó translate.google.com, bhí siad ag aistriú mo bhlag! *bród* Bhí mé ag úsáid an suíomh sin an tsamhraidh ar fad, iontach, an-chabhrach i gcomhair Seapáinis (ach tá orm fós féach ar wiktionary chun gach aistriúcháin a sheiceáil) agus chun m’fhotha nuachta ar Facebook a léamh. Tá an-chuid daoine as tíre eile agam anois, tar éis an Oilimpiad Idirnáisiúnta (fíneálta, fhios agam…) Ar aon nós!
Níor choimeád mé suas leis an blagáil tríd an samhradh, ach bhí sé ar intinn agam cúpla uair! Chun an fhírinne a rá, ní dhearna mé aon rud… seachas Stócólm don oilimpiad, dár ndóigh.
Táim ag féachaint ar Farscape anois. Chuala mé faoi trí SG-1, an 200ú eipeasóid (tagairt nár thuig mé ag an am) ach shochraigh mé chun é a fhéach ar, agus anois, táim. An-ait. AN-aisteach ar fad. Mo dhia, nílim cinnte cad ‘tá ag tarlú an t-am ar fad, ach bainim sult as agus chuala mé go bhfuil an eipeasóid deirneach ceann na cinn is fearr. Táim ag súil leis. Crichton i bhfad níos fearr ná Mitchell, cé nach raibh mé in ann a ainm a litrigh go dtí an dara sraith. Tógann sé fíor-fhear chun leathar a chaitheamh.

SG-1, aidhm agus andúil
Meitheamh 11, 2010
Bhí a lán le déanamh agam an tsamhradh seo, rinne mé liosta i rith an bhliana, liosta rudaí le déanamh nuair a bhí an t-am agam agus, anois, táim an-ghnóthach. Ar dtús, chríochnaigh mé an cúigiú sraith de Stargate Atlantis, agus ansin thosaigh mé le SG-1 (áiféiseach, tá fhios agam). 10 lá shamhraidh imithe cheana féin agus tá 53 eipeasóid (idir shraithe) feicthe agam. Feckin’ iontach! Tógfaidh sé thart ar mhí amháin, ach beidh sé fiúntach… i m’aigne féin.
Rud eile atá iontach ná a méid eolas sa seó faoi theangacha agus teangeolaíocht, mar tá teangeolaí ar SG-1, Daniel Jackson
(ach táim ach ag an dara sraith, so tá bearradh gruaige de dhíth air). Tá suim agam san ábhair seo, agus is suimiúil an sóirt eolas a fhaigheann tú. Cuneiform, nó dingchruthach, mar shampla, an chéad córas scríbhneoreachta a úsáid lógógraim (…) cosúil le Sínis, ach tá dingchruthach i bhfad níos áiféisí. Cúpla lógógraim: 𒅬 𒀻 𒊍 !? Chun iad a fheiceáil, íoslódáil agus suiteáil fillteán amháin ó anseo. Fuair mé OB, agus ansin NA, nílim cinnte faoin difríocht.

Mar focal scoir, nuair a bhí mé ag lorg aistriúchán ar ‘useless’, bhí an astriúchán amháin ag focal.ie ná ‘small useless potato’… Screamhachóir nó dradairnín dóibh súid a bhfuil suim acu.
Eagarthóireacht:
Is é 𒊍 ‘leon’. Na caractair eile, nílim cinnte.
Eurovision ‘s araile
Bealtaine 25, 2010
Bhuel, an bhfaca sibh an leathcheannais Eurovision anocht? Ba aoibhinn liom an Ghréig, ach bhí mé sceiptiúil cé acú a gheobhaidis vótaí nó nach ghaeobhaidis, mar go bhfuil drochfhiacha orthu. Níor bheidis an Eurovision a óstáil! Áfach, tá an-áthas orm gur éirigh leo. Dhlígh siad é. Nílim ró-shásta gur éirigh le Phortaingéil, ní raibh a n-amhráiní Eurovision go leor, i bhfad ró-dháiríre. Bhí an Bhoisnia agus an Hearsagaivéin suas a thóin féin, ach ní raibh a n-amhráin go dona. Ar an iomlán, táim sásta leis an toradh.
Taitníonn iontráil na Fraince go mór liom. Tá fuaim iontach ag an bhFraincis de ghnáth, ach tá sí níos fearr le blas (blas Afracach, sa chás sin mura bhfuilim ag bheith ciníoch go neamhdheonach agus níl blas aige ar bith…)
Eagarthóireacht: Tá an amhrán ina hiomlán ar youtube, ach níl an caighdeán chomh ard.
Caillte i Lost
Bealtaine 23, 2010
An mbeidh éinne eile ag féachaint ar an eipeasóid deirneach ar 5 r.n. amárach? Beidh mise agus cúpla cáirde liom, tá an eachtra seo beagnach cosúil le leabhair nua Harry Potter! An cuimhín libh na oícheanta (níor chuala mé an iolra sin riamh!) ag fanacht lasmuigh Eason’s nó Waterstone’s? Bhí ulchabhán ann a raibh sa scannán; bhuel, dar lena úinéir… Ar aon nós, táim ar bís ag fanacht uirthi, an eipeasóid deirneach. Is dócha nach mbeidh sí chomh iontach agus a mbeidh uirthi bheith. Bhí an sraith ar siúl fada go leor, agus bhíomar i gcónaí ag lorg freagraí. Anois, tá siad anseo… Beidh orthu bheith fiorfa chun ár súileachtaí a chomhlíon.
Bhí an t-adh agam nach raibh an críoch nochta dom, ba fhuath liom an eachtra sin a bheadh scriosta mar gheall ar an nuacht sin. Bhí mé in ionchas uirthi ró-fhada! So beidh sibhse go leor liomsa amárach, T-18.5 uair anois, agus mairimid tríd le chéile? Tá súil agam.
Slán libh go fóill.
Slán leat go deo, a Lost.
P.S.
Rinne mé iarracht íomhá deas a fháil chun póstáil agus chas mé ar seo
Grianghraf maith, ach cad ‘tá ag tarlú!? Cuma mealltach ar an Fox, cibé.
Tosaigh nua
Bealtaine 22, 2010
Táim ar ais! Táim beagnach críochnaithe le cúigiú bliain, ach dhá lá scoile fágtha ‘s ansin ceithre lá lán le scrúdaithe. Ceapaim gur rud maith é m’asláithreacht, cé go bhfuil orm streachail le scríobh anois. Bheinn (an bhfuil réimniú ann le ‘would have been’?) ag gearán faoi obair bhaile (go háirithe aistí Bhéarla) an t-am ar fad. Is dóigh liom nach mbeadís chomh suiliúil daoibhse ná a bhí siad domsa.
Ar aon nós, chun scéalta! Faighim Foinse anois, agus déanaim iarracht Gaelscéal a léamh ar líne. Táim saor mar sin; má tá (má bhfuil?) rud éigin ar fáil in aisce, is cinnte nach cheannóidh mé é. Bhuel, tá ailt an-mhaith ansin, sa Ghaelscéal níos fearr ná Foinse, i m’thuairim, agus molaim daoibh iad a léamh.
Tá gá daoibh The Independant a cheannach Dé Céadaoin chun Foinse a fháil, ach is féidir libh Gaelscéal a léamh anseo.
Cad eile? Is fuath liom nach bfhuilim in ann an rugbaí a fhéach ar. Feckin’ suibscríbhinní. Táim ag cailleadh an cluiche ceannais! Mura thug tú faoi deara táim go mór i ngrá le rugbaí anois.

Le sin, ba chóir dom stad. Níl rug éigin le rá agam, táim ach ag déanamh iarrachta tosaigh ag blagáil arís. An sóirt óráidí a bhí agam roimhe sin, bhuoah (heh), dá mbefinn in ann iad a athchruthaigh in aiste Gaeilge nó as Béarla, beidh mé ag eitilte!